An Ceol sa Phobal – Céard é an bealach is fearr chun éiceachóras an cheoil a thacú?

Seo caint a thug mé ag an Scoil Gheimhridh Chumann Merriman, i mBóthar Na Trá, Gaillimh, ar an 28 Eanáir 2023.

***

Dia dhaoibh a chairde, agus go raibh maith agat a Trevor agus an Cumann Merriman as an gcuireadh a bheith libh inniu.

Ba mhaith liom labhairt faoin ceol inniu, an ceol sa phobal, agus an taithí a bhí againn sa Spidéal i gConamara le roinnt blianta anuas. Agus ba mhaith liom labhairt freisin faoi an tionchar atá ag an gceol ar théamaí na scoile i mbliana – an fhiontraíocht, an oidhreacht, an éiceolaíocht, agus an teanga.

Le cúig bliana is tríocha, táim ag casadh ceoil traidisiúnta ar an bhfidil in Éirinn agus timpeall na cruinne, agus ag scríobh faoin ceol ar feadh fiche bliain, agus an rud atá feicthe agam arís agus arís eile, cibé cén áit ina bhfuil mé, agus cibé cén seanra ceoil a bhfuil muid ag caint faoi, ná go bhfuil ról ilghnéitheach ag an gceol – sa phobal, sa sochaí, sa tír, i do shaol fhéin fiú; agus ní ceapaim go labhraíonn muid faoi an ról ilghnéitheach sách minic, b’fhéidir mar gheall go bhfuil sé deacair labhairt faoi. 

Nó b’fhéidir nach bhfaigheann muid an deis. An chuid is mó den am, nuair a bhíonn an ceol a phlé go poiblí, mar shampla, sna meáin, is faoi thionchar an tionscal poiblíochta agus margaíochta a bhíonn sé. Bíonn caint ann faoi cheolchoirmeacha atá ag teacht aníos, féilte atá ag teacht aníos, ceoltóirí mór le rá, agus anois agus aris, cloisfidh tú faoi an chonspóid nó an scannal is déanaí a bhaineann le tionscal an cheoil. Tá na rudaí sin tabhachtach, ach de ghnáth ní théann an dioschúrsa poiblí faoin gceol níos doimhne ná sin.

Ach má bhreathnaíonn muid ar an gceol ar an talamh, sé sin, sa phobal, sna bailte, sa socaí, sna scoileanna, i measc cairde, i measc daoine óga, i do chlann féin fiú, i do shaol féin, tá go leor eile ar siúl.

Tá sé níos casta mar tá an caidreamh atá againn leis an gceol casta. Is rud pearsanta é. Bíonn sé leat i do shaol ar fad, i d’aigne, sa chaidreamh atá agat le daoine eile. 

Níl aon ionadh, mar sin, nuair a smaoiníonn muid faoi an ról atá ag an gceol sa phobal, go bhfuil sé sách casta freisin. 

Ba mhaith liom samplaí a thabhairt daoibh faoi na gnéithe atá mé ag caint faoi – an ról atá ag an gceol sa phobal.

Seo hiad rudaí atá feicthe agam arís agus arís eile sa sochaí as a bheith ag casadh cheoil i tithe tábhairne, nó ar an stáitse, nó sa phobal in áit éicint. Níor tháinig na rudaí seo ó aon leabhar; seo rudaí a chonaic mé.

Tabhair faoi deara, le bhur toil, go bhfuil go leor ann. 

An Ról atá ag an gCeol sa Phobal

Pobal: Tugann sé an pobal le chéile

  • Daoine áitiúla
  • Daoine nach bhfuil aithne acu ar a chéile
  • Na glúinte
  • Clainne
  • Cruthaíonn sé cairdis nua

Cuairteoirí: Meallann sé daoine isteach sa cheantar

  • Turasóirí ó thíortha eile
  • Daoine ó cheantracha, bailte agus contaetha eile
  • Daoine Éireannacha ar saoire
  • Ceoltóirí eile

An gheilleagar agus an fhiontraíocht

  • Cruthaíonn sé fostaíocht do cheoltóirí
  • Cuireann sé leis an ioncam atá ag gnólachtaí áitiúla
  • Meallann sé daoine cruthaitheacha (fiontraithe, ealaíontoirí, scríbhneoirí, aisteoirí, gníomhaí pobail, daoine atá ag obair sna tionscal cruthaitheachta – daoine a chuireann tús le tograí nua)
  • Cuireann sé leis an daonra sa cheantar

Spreagadh

  • Spreagann sé daoine an ceol a fhoghlaim
  • Spreagann sé ceoltóirí agus amhránaithe stór ceoil nua a fhoghlaim, agus píosaí nua a scríobh (ag cur le stair na háite)
  • Spreagann sé tuismitheoirí a cuid gasúir a chur chuig rangaanna ceoil
  • Spreagann sé daoine ceolchoirmeacha a eagrú, féilte a bhunú, taifeadtaí a dheanamh

Stádas agus féiniúlacht

  • Tugann sé stádas do cheoltóirí áitiúla
  • Cuireann sé leis an bhféiniúlacht atá ag an bpobal
  • Coinníonn sé oidhreacht agus cultúr na háite beo

Cáil na háite

  • Cuireann sé leis an gcáil atá ag an áit
  • Meallann sé na meáin cumarsáide
  • Meallann sé taighdeoirí agus báilitheoirí ó na hollscoileanna

An Ghaeilge

  • Tugann sé deis do dhaoine an Ghaeilge a labhairt i gcomthéacs sóisialta agus le cainteoirí dhúchasacha

An Éiceolaíocht

  • Tugann sé aird ar an timpeallacht trí na hamhráin agus le imeachtaí

D’fhéadfainn leanacht ar aghaidh. Ní hé seo ag sampla den tionchar atá ag an gceol, agus feicim é chuile uair a bhímse ag casadh. Ach d’fhéadfainn leanacht ar aghaidh ag caint faoi an difríocht a dhéanann an ceol do dhaoine óga, do seandhaoine, do dhaoine atá faoi míchumas, do dhaoine atá uaigneach, do dhaoine atá faoi strus..

Agus níl mé ag caint faoi an ceol traidisiúnta amháin. Aon cheantar, nó sráidbhaile, nó baile atá lán le ceol, bíonn an tionchar céanna ann.

Mar sin, tá súil agam go n-aontóidh sibh liom, píosín ar a laghad, gur rud cumhachtach é an ceol agus go háirithe an ceol sa phobal. An n-aontóidh sibh liom?

Agus tá mé cinnte go bhfuil cuid de na rudaí seo feicthe agaibhse freisin. Smaoinigh ar an gceol i bhur phobal féin agus an difríocht a dhéanann sé. 

Ceisteanna
An ceist atá agamsa daoibh inniu mar sin, má aontaíonn sibh liom gur rud cumachtach é an ceol so phobal, agus go bhfuil go leor tairbhí agus buntáistí ag baint leis, céard é an bealach is fearr chun tacaíocht a thabhairt don cheol agus do cheoltóirí sa phobal, chun an cultúr sin a choinneáil laidir, nó chun é a laidriú? 

Is ceist deacair é seo. Céard é an bealach is fearr? An bhfuil fhios againn? Céard é an dea-chleachtas go hidirnáisiúnta, nó go náisiúnta? An bhfuil airgead ag teastáil, le haghaidh céard, agus cé mhéad? An bhfuil áiseanna ag teastáil agus cén sort? Céard a cheapann na ceoltóirí faoin ceist seo, agus ar chur muid an ceist sin orthu? An dtuigeann na ceoltóirí an luach atá ar an rud a dhéanann siad? An bhfuil an tuiscint ann go forleathan i measc an phobal faoin ról atá ag an gceol sa phobal? 

Tá go leor ceisteanna ansin, ach an fáth gur gcuirim béim ar na ceisteanna seo mar is é an taithí atá agam nach bhfuil muid ag caint faoi na rudaí seo. Agus tá na rudaí sin tabhachtach, agus tá impleachtaí mór ag baint leo – mar a chonaic muid sa Spidéal i gConamara – an áit ina bhfuil mé i mo chónaí le seacht bliana déag anois, agus ba mhaith liom labhairt faoi sin anois.

An Spidéal
Bhog mé go dtí an Spidéal i 2006 mar gheall ar an gcultúr cheoil a bhí ann. 

Nuair a chuaigh mé ann, bhí trí seisiún ceoil i dTigh Hughes chuile seachtain – le Johnny Connolly, Charlie agus Éilis Lennon, Johnny Óg Connolly, agus go leor eile.

Mheall siad an t-uafás ceoltóirí isteach. Bhí seisiún eile ann sa teach tábhairne An Dhroigneáin Donn. Bhí scoil ceoil ann – an Gaelacadamh. Bhí féile ceoil ann – Éigse an Spidéil. Bhí siopa ceoil sa gCeardlann. Bhi an áit lán le ceoltóirí. An cuid is mó den am, ní raibh tú in ann tú fhéin a chloisteáil sna seisiúin ceoil!

Ach níor fhás an cultúr cheoil sin sa Spidéal thar óiche. D’fhas sé agus d’fhorbairt sé thar b’fhéidir ceathrachta nó caoga bliain, agus d’fhás sé go horgánach. Is cinéal miorúilt é, i ndáiríre. Tá go leir sráidbhailte beaga cosúil leis an Spidéal timpeall na tíre, agus sna Gaeltachtaí, ach cén fáth gur fhás an cultúr ceoil seo sa Spidéal?

Fás agus forbairt

Ag tús na seachtóidí, d’eagraigh John Lewis seisiún ceoil i Tigh Hughes agus thug sé Frankie Gavin, a bhí cúig bliana déag ag an am, go dtí an seisiún sin mar bhí Frankie ag tabhairt ranganna fidil go dtí mac John.

Rud a bhí spéisiúl, agus tá sé seo ráite ag Frankie, nach raibh tú in ann ceol a chasadh i móran pubanna ag an am sin. Ba rud eisceachtúil é an seisiún sin. Bhí an sráidbhaile difriúl ón tús.

Mar a dúirt an bhean an tí Breda Hughes ar chlár TG4 píosa ó shin, bhí daoine ag teacht ó chuile áit sa tír chun a bheith ag casadh i Tigh Hughes. 

Bhog Alec Finn isteach sa gceantar. Bhog Mary Bergin isteach. Bhí Charlie Piggott agus Ringo McDonagh ann freisin agus i lár na seachtóidí thosaigh siad an grúpa ceoil Dé Dannan.

Ansin, tharla rud éicint spéisiúl. Cúpla bliain ina dhiaidh, agus na seisiún sin ar siúl, bhun daoine áitiúla an scoil cheoil an Gaelacadamh chun an ceol a mhúineadh do na gasúir i gConamara, agus ansin bhun siad an fhéile cheoil Éigse an Spidéil. Agus bhí an Gaelacadamh agus Éigse an Spidéil fós ann nuair a bhog mé isteach i 2006 – bhí siad ar an bhfód le beagnach tríocha bliain faoin am sin.

I 1980, rinne Dé Dannan albam leis an amhránaí áitiúil Tom Pháidín Tom. D’fhás an clú agus an cáil a bhí ar an Spidéal mar áit ceolmhar. Sna 80í freisin, scríobh Charlie Lennon ‘Ríl an Spidéal’ agus bhí sé a thaifeadta ag Dé Dannan agus casta go forleathan ag ceoltóirí.

Ansin, ag deireadh na hochtáidí, idir 1988 agus 1990, agus seo é buaicphointe an tréimhse seo, tháinig na Waterboys go dtí an Spidéal agus rinne siad dhá halbam sa sráidbhaile, Fisherman’s Blues agus Room to Roam, agus i 1989, tháinig Adam Clayton ó U2 agus chas sé i seisiún i Tigh Hughes le haghaidh an clár Bringing it All Back Home

Ag an am seo, mar a dúirt siopadóir áitiúil liom, bhí daoine amuigh ar an sráid ag éisteacht leis an gceol a bhí ag teacht amach ó Tigh Hughes. 

Agus, caithfidh mé a rá, mar dhuine óga ag an am sin, is cuimhin liom é, agus bhí tionchar ag an aitmeasféar sin ormsa freisin. 

Ag an am sin, scríobh Mike Scott ó na Waterboys an t-amhrán  ‘Spring Comes to Spiddal’, agus is fiú éisteach leis na focail ar feadh nóiméad:

Well, the lights are on in Standun’s and the spell has been broken,

The roadside teahouse door is wide open,

A sign on the wall says ‘American also spoken!

As Spring comes to Spiddal.

The Irish Gaelic college is alive again with folk,

Farmers gather talking, freed from winter’s yoke

As Spring comes to Spiddal.

There’s a rustle around the Boreens and a song in every throat

As Spring comes to Spiddal.

Sin mar a bhí sé – ‘a rustle around the Boreens and a song in every throat’.

Ansin, tháinig gnólachtaí teilifíse chuig an Spidéal – Telegael, Eo Teilifíse, Rosg – agus tháinig Charlie agus Éilís Lennon agus chuir siad tús leis an stiúideo Cuan i 2000. I 2005, thaifead Tony MacMahon agus Steve Cooney albam beo sa Spidéal agus má éisteann tú leis, chloisfeadh tú an t-atmaisféar iontach a bhí ag Éigse an Spidéal ag an am sin.

Níl mé ag rá gur tharla gach rud sa Spidéal mar gheall ar an gceol, ach níl aon dabht, má smaoiníonn tú ar na bealaí éagsúla a oibríonn an ceol sa phobal, go raibh tionchar aige ar an bhfuinneamh cruthaitheach a bhí sa sráidbhaile. Rud atá spéisiúl domsa ná, nach bhfuil sé soiléir go hiomlán conas a oibríonn an ceol sa phobal, agus caithfidh muid smaoineamh ar sin.

An Meath

Sin an Spidéal mar a bhí sé nuair a bhog mise go dtí an sráidbhaile i 2006, ach ceithre bliana ina dhiaidh, thug an stát isteach na rialacha nua maidir leis an alcól agus an tiomáint, agus thosaigh cúrsaí ag athrú. Bhí drogall ar dhaoine tiomáint agus ní raibh siad ag dul amach mar gheall orthu. Níl aon fhadhb agam leis an rialacha sin – aontáim leo – ach de bharr nach bhfuil aon chóras taistil sa Spidéal – níl aon seirbhís tointeála bus nó seirbhís heaicnaí – bhí impleachtaí móra ann don Spidéal as na rialacha seo, agus ní raibh móran phlé faoi sin. 

D’éirigh na tithe tabhairne ciúin, agus le sin, bhí níos lú ceoil ann. Ní raibh daoine ag teacht amach. Ní raibh obair ann do na ceoltóirí, agus laghdaigh na seisiúin a bhí ann.

I 2014, dúnadh Tigh Hughes. I 2018, chaill muid an Gaelacadamh agus féile ceoil eile, Seachtain Cheol Cois Fharraige. I 2019, dúnadh teach ósta mór ceoil eile, Tigh Giblin, agus chaill muid an fhéile Éigse an Spidéil agus siopa ceoil a bhí ag an mboscadóir Colm agus Kelly Gannon. Ansin tháinig an paindéim agus níor tháinig an fhéile ceoil Traidphicnic, a bhí ar an fód le deich mbliana, ar ais ó shin. 

I 2014, naoi mbliana ó shin, bhí ceol ann go rialta sa Spidéal agus bhí ceithre féile cheoil ann. Anois níl aon fhéile cheoil ann, níl aon scoil cheoil, agus níl ach seisiún amháin ann i rith na seachtaine.

Thóg sé thart ar chaoga bliana chun an cultúr cheoil sa Spidéal sin a chruthú, agus is beag gur chaill muid an rud ar fad i gceann cúig bliana. Níor thuig muid go hiomlán an éiceachóras a bhí ann, cé chomh tabhachtach is a bhí sé, don phobal, don gheilleagair, don teanga, agus cé chomh leochaileach is a bhí sé ag an am céanna. Cheap muid uilig go mbeadh an ceol ann go deo.

Sa bhliain 2020, scriobh me an t-alt ‘The Silencing of An Spidéal’ sa Journal of Music chun spostsholas a chur air, agus bhí an-spéis san alt sin mar chonaic daoine an meath sin, ach ní raibh fhios againn céard a bhí le déanamh. B’fhéidir go raibh sé ró-dhéanach.

An dea-scéal

Anois, an dea-scéal. Nuair a scríobh me an t-alt sin, ní raibh fhios agam go raibh ionad ceoil nua, Stiúideo Cuan, a phleanáil ag Charlie agus Éilís Lennon agus Darach Mac Con Iomaire. D’fhoscail sé théis an pandéim agus i bhliain amháin, ta siad tar éis an-dóchas a thabhairt duinn leis an réimse mór ceoil atá curtha ar fáil acu agus is cosúil go bhfuil tuilleadh le teacht i mbliana.

Chomh maith le sin, tá ostán nua ag teacht go dtí An Spidéal. Tá an bialann Builín Blasta ag dul ó neart go neart. Tá fostaíocht nua fógartha ag comhlachtaí áitiúla. Tá glúin nua ceoltóirí ag teacht aníos mar chuid den eagras Ceoltóirí Óga Chois Fharraige, agus iad ag gruachtáil go leor duaiseanna ag an Oireachta agus an Fleadh Cheoil.

Is cosúil, mar sin, mar gheall ar an gcultúir ceoil a bhí ann thar na blianta, go bhfuil móiminteam fós ag an Spidéal agus go mbeadh muid in ann teacht ar ais. Ní bheidh sé éasca, agus ní bheidh sé mar a bhí; ní bheidh muid in ann cultúr ceoil a d’fhás thar 50 bliain a thabhairt ar ais i gceann cúpla bhliain, ach aithníonn daoine go bhfuil sé tabhachtach rud éicint a dhéanamh.

Ach, ag an am céanna, tá sé thar a bheith tabhachtach anois go ndéanann muid machnamh ar chéard a tharla sa Spidéal, cén fáth nach raibh muid in ann an cultúr sin a chosaint, agus cén fáth nar thuig muid na himpleachtaí a bhí ann don teanga, don fhiontraíocht, don oidhreacht, don éiceachoras, agus céard iad na ceachtanna atá le foghlaim as seo amach.

Ba mhaith liom teacht ar ais go dtí an ceist a d’árdaigh mé ag an tús: conas is féidir linn tacaíocht a thabhairt don ceol agus do na ceoltóirí chun an cultúr cheoil a choinneáil laidir sa phobal, agus na tairbhí agus buntaistí a bhaineann leis an gceol sa phobal a choinneáil. Ní rud simplí é, ach caithfidh muid tus a chur leis an obair sin.

Mar sin, ba mhaith liom sé mholadh a dhéanamh:

Moltaí

  • Taighde ar an gceol sa phobal
    • Sa chéad dul síos, caithfidh muid díriú isteach ar an tabhacht a bhaineann leis an gceol sa phobal agus conas a oibríonn sé. Tá go leor ar súil nuair atá ceantar lán le coil, ach ní thuigeann muid é go hiomlán, agus fós, níl fhios againn céard é an bealach is fearr chun a é a thacú. Sin an fáth go bhfuil i bhfad níos mó taighde ag teastáil. Ach is féidir linn cúpla rud a rá:
  • Moil cheoil le cosaint
    • Aon áit a mbíonn ceoltóirí ag casadh, is ‘mol cheoil’ é agus tá sé le cosaint. Ba cheart go mbeadh stádas speisialta ag moil cheoil agus go bhfaigheann siad an tacaíocht céanna a bhfaigheann moil ghnó. Níor bhreathnaigh muid ar Tigh Hughes mar mhol cheoil, ach mol cheoil a bhí sé.
  • Cónaitheachta ceoil a fhorbairt
    • Caithfidh muid ceoltóirí áitiúla a choinneáil sa phobal agus ba cheart go mbeadh cónaitheachta ceoil ann i ngach phobal.
  • Béim ar an gceol sa phleanáil teanga
    • Má léann tú aon phlean teanga, cinnte tá an ceol agus na healaíona luaite anois agus aris, ach níl móran béim orthu. Tá na pleananna sin bunaithe ar an tuiscint go mbeidh an ceol agus an amhránaíocht ann go deo, cibé cén rud a dhéananna tú, ach mar a chonaic muid sa Spidéal, ní hé mar atá sé. Ba cheart go mbeadh tuiscint i bhfad níos doimhne ann faoin cheoil ann sna pleannanna sin agus an ceangailt atá ann leis an teanga.
  • Deiseanna a thabhairt don chéad ghlúin eile
    • Deich mbliana ó shin, thosaigh grúpa tuismitheoirí, mé féin ina measc, Ceoltóirí Óga Chois Fharraige. Bhí ochtar ann ag an tús, agus anois tá caoga ag casadh ceoil go rialta, agus is trí mhéan na Gaeilge atá sé. Is rud speisialta é. Ach caithfidh muid a bheith cinnte go bhfuil deiseanna ag an grúpa sin sa todhchaí, mar shampla:
      • Mol cheoil, áit in a bhfuil siad in ann teacht le chéile go rialta
      • Banc uirlísí, nach mbeidh aon bhac ar aon dhuine an ceol a thriail.
      • Muinteoirí ceoil ann go háitiúl a bhfuil Gaeilge acu agus ranganna rialta i réimse mór uirlisí, agus ar chostas réasúnta.
      • Deiseanna dóibh a bheith ag casadh go poiblí os comhair an pobal. Thug na féilte sin an deis sin dóibh, ach tá na féilte imigh.
  • Féilte a mhaoiniú – maoiníu feiliúnach do féilte go mbeidh siad in ann duine a fhostú chun é a choinneál ar an bhfód go fad-tearmach, agus gan é a bheith ag braith ar obair dheonach an t-am ar fad. An bealach a oibríonn cúrsaí faoi láthair, tá sé beagnach dódhéanta féile a choinneáil ar an bhfód. D’imigh Féile Joe Heaney. D’imigh Pléaraca. D’imigh Traidphicnic. Caithfidh muid díriú isteach ar an gceist seo.

Sa Spideal faoi láthair, níl aon dabht go bhfuil Stiúideo Cuan ag lionadh isteach cuid de na bearnaí thuas anois, ach tá an t-uafás le déanamh acu chun an cultúr cheoil a bhí sa Spidéal a fhobairt arís, agus níl ach foireann an-bheag acu, agus ní bheidh siad in ann chuile rud a dhéanamh. Tá sé tabhachtach mar sin go mbeidh tuiscint i bhfad níos doimhne againn faoi an tabhacht a bhaineann leis an gceol sa phobal agus go mbeidh níos mó tacaíocht ann.

Má chuireann muid i bhfeidhm na moltaí sin, beidh an cultúr ceoil sa Spidéal ag fás arís, agus beidh muid in ann na ceachtanna atá foghlamtha againn a roinnt le pobail eile timpeall na tire. Muna dhéanann muid móran, áfach, i gceann deich mbliana eile, beidh muid ar ais ag an tús aris leis na ceisteanna céanna. Tá súil agam nach mbeidh.

Go raibh míle maith agaibh.

Toner Quinn 
Scoil Gheimhridh Chumann Merriman
Bóthar na Trá, 28 Eanáir 2023

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out /  Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out /  Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out /  Change )

Connecting to %s