Píosa cainte a thug mé ag an oscailt oifigiúil do Fhéile Joe Éinniú 2024 (Áras na hOllscoile, Carna, 3 Bealtaine 2024).
Dia dhaoibh a chairde, agus go raibh míle maith agat a Mhíchíl agus an coiste ar fad as ucht an gcuireadh a bheith anseo anocht. Is mór an onóir dom.
Bhí Bríd Ní Mhaoilchiaráin a’ rá gur sheol m’athair, Bob Quinn, an fhéile seo fiche bliain ó shin i 2004, agus tá an-áthas orm, dár ndóigh, an nasc sin a dhéanamh arís idir mo mhuintir fhéin – na Quinns as an gCeathrú Rua – agus an fhéile. Tháinig mé fhéin ar ais go dtí Conamara i 2006, cúpla bliain ina dhiaidh an fhéile sin, agus tá mé socraithe síos sa Spidéal ó shin, ag foilsiú an iris cheoil The Journal of Music, ag léachtóireacht san Ollscoil i Roinn an Bhéarla, agus ag scríobh agus ag smaoineamh faoin cheol an t-am ar fad, agus teacht anoir go dtí an fhéile speisialta seo nuair is féidir liom.
Chuir Mícheál an póstaer chugam ó 2004 nuair a bhí sé seolta ag Bob agus bhí sé spéisiúil dom a fheiceáil go raibh Séamus Tansey, Johnny Connolly agus Seán Garvey ar an gclár céanna sa bhliain sin, laochanna ceoil atá imithe ar shlí na fírinne anois. Léiríonn sé sin an tábhacht a bhaineanns leis an bhféile, an saibhreas ceoil a bhíonns ann. Tá sé spéisiúil domsa chomh maith go raibh Mick O’Brien agus Eithne Ní Chatháin ar an gclár sa bhliain sin, agus tá siadsan ar ais i mbliana agus tá Johnny Óg Connolly ar an gclár freisin. Is maith liom an nasc sin, an leanúnachas thar na blianta agus idir na glúinte. Is é ceann de na láidreachtaí atá ag an bhféile seo.
Luaigh mé m’athair Bob ag an tús. Mar a tharlaíonn sé, is go dtí Carna a tháinig Bob agus mo mháthair Helen i 1970 nuair a bhog siad go dtí Conamara sa gcéad dul síos – beirt counter-cultural hippies i sean-Camper Van le leanbh nua ag éalú ón rat race agus an establishment i mBaile Átha Cliath! Tháinig siad anseo mar gheall go raibh an scríbhneoir Desmond Fennell i Maoinis agus bhí Desmond tar éis an t-alt sin a fhoilsiú san Irish Times – ‘Revival or Not? The Courage to Decide’ – faoi thodhchaí na Gaeltachta, agus spreag sé mo thuismitheoirí. Tháinig siad ó Londain. Bhí teach ar cíos acu in Ard Thiar ar feadh cúig mhí sula bhog siad go dtí Ros Muc, agus ansin soir go dtí Baile na hAbhainn (bhí siad caite amach as an teach sin, mar a thuigimse é, an áit a rugadh mise), agus ansin bhí siad sna Forbacha, agus ansin An Cheathrú Rua, áit a bhunaigh siad an comhlacht Cinegael. Anois tá Bob i Tuairín i mBéal a Daingin agus tá mo mháthair i mBré, Co. Chill Mhántáin.
Ach an rud a tharla do Bhob nuair a bhog sé go dtí Conamara sna 70í ná gur thosaigh sé ag éisteacht leis an sean-nós. Is ceoltóir é Bob – ceoltóir clasaiceach go bunúsach – ach chuaigh an sean-nós i bhfeidhm go mór air.
Agus is as an gceantar seo a bhí cuid de na fonnadóirí a bhí sé ag éisteacht leis, Josie Sheáin Jeaic, Dára Bán, laochanna eile atá ar shlí na fírinne anois, agus Sorcha Grealish as Muicineach. Bhí iontas ar Bhob leis an sean-nós, agus is as an iontas sin a tháinig an teoiric Atlantean, go raibh tionchar ann ó thuaisceart na hAfraice ar ceol na hÉireann. Anois, ní caithfidh muid an teoiric sin a phlé anocht, beidh sibh sásta a chloisteáil! Ach ‘sé an pointe atá mé ag iarraidh a dhéanamh ná gurbh é 40 bliain ó shin i 1984 a tháinig Bob amach leis an teoiric sin maidir leis an sean-nós agus bhí na trí scannán a rinne sé darbh ainm Atlantean craolta ar RTÉ an bhliain sin chomh maith. Dár ndóigh, is é an bhliain céanna a fuair Seosamh Ó hÉanaí bás, agus thosaigh Mícheál agus Peadar Ó Ceannabháin ag smaoineamh ar fhéile a chur ar bun. Is comhtharlú a bhí i gceist, ach cheap mé go mbeadh sé spéisiúil é sin a lua anocht.
Nuair a bhí mé ag scríobh mo chúpla focal le haghaidh an seoladh anocht, d’éist mé leis na halbaim ar fad a rinne Seosamh Ó hÉanaí – ní raibh chuile cheann cloiste agam cheana – agus níl mé in ann mórán eile a rá faoin bhfonnadóir cumhachtach seo nach bhfuil ráite cheana ag daoine eile – an glór, an cheird, an stór ceoil, an saibhreas. Ach an rud a ritheann liom arís agus arís eile, ná gur droichead dochreidte a bhí sé ón am atá thart, ag iompar an stór ceoil sin tríd na blianta nuair a bhí an traidisiún faoi bhrú. Agus nuair a bhreathnaím ar an bhféile seo agus an bhéim atá ar na fonnadóirí óga, agus an próiseas sin fós ag dul ar aghaidh go láidir, ó ghlúin go ghlúin, is rud speisialta é. Maidin amárach, beidh na gasúir ag déanamh ceardlann lúibíní le Fearghas Mac Lochlainn, fear a bhfuil an t-uafás déanta don bhfoirm sin i gConamara. D’fhoghlaim mo ghasúir fhéin lúibíní ó Fhearghas don Oireachtas, agus tá na lúibíní sin fós i mo chloigeann mar gheall ar an méid cleachtadh a bhí orthu a dhéanamh! Agus tuigim gurbh é an chéad bhliain a bhfuil ceardlann lúibíní ar siúl ag an bhféile; léiríonn sé sin arís go bhfuil an fhéile agus an traidisiún ag forbairt an t-am ar fad.
Chonaic mé go bhfuil ócáid speisialta eile ar siúl Dé Domhnaigh nuair a bheidh muintir Shéain ‘ac Dhonnacha ag cuimhniú ar shaol agus saothar an t-amhránaí tábhachtach sin, cara mór le Seosamh Ó hÉanaí. Tá go leor eile sa bhféile: na ceardlanna maidin amárach le Mícheál agus Eithne Ní Chatháin, an mórsheisiún amhránaíochta, an cheolchoirm mhór oíche amárach, na comortais, seoltaí leabhar, seoladh suíomh idirlín faoi Máire Ní Ghuairim, na seisiúin ceoil, agus táim ag súil leis an caint agus an ceol anocht: comóradh agus cuimhní ar shaol agus saothar Joe Heaney le Máire Nic Fhinn, Néilidh Mulligan, Sean Williams agus Mícheál Ó Lochlainn.
Tá sé spéisiúil dom cé chomh ilgnéitheach is atá an fhéile, ach sin an méid atá ag teastáil chun an sean-nós a chothú mar is traidisiún saibhir é.
Tá an fhéile ar an bhfód le 39 bliain anois agus tá sé spéisiúil dom, ag breathnú siar anois, an méid a tháinig amach as na 80í a bhí tionchar mór acu ar an sean-nós – an fhéile speisialta seo dár ndóigh, Cló Iar-Chonnachta an bhliain céanna, agus ansin, dhá bhliain ina dhiaidh sin i 1987, chuir grúpa gníomhaithe teanga, m’athair Bob ina measc, teilifís bradach ar siúl i Ros Muc ar feadh trí lá, agus is as sin a tháinig TG4.
Sin trí rud mór – an fhéile, an lipéad ceoil agus an foilsitheoir, agus an stáisiún teilifíse – a tháinig as Conamara sna 80í, ach inniu tá go leor eile i gceist chun an sean-nós a chothú: RTÉ Raidió na Gaeltachta, An tOireachtas, na pubanna a chuireann fáilte roimh fhonnadóirí agus ceoltoirí, ná féilte eile: Tionól Nioclás Tóibín agus Sean-nós Cois Life; na heagraíochtaí móra: Taisce Cheol Dúchais Éireann (thosaigh sé sin i 1987 freisin) agus Ealaín na Gaeltachta; an obair acadúil a bhíonns ar siúl ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, scéim an tAmhránaí Cónaitheach atá ag an Ollscoil; na lipéid cheoil eile, na foilsitheoirí leabhair eile, na hacmhainní ar-líne, Cartlann Joe Heaney, agus go leor eile.
Is cineál éiceachóras nó ecosystem é – gach rud ceangailte le chéile – agus is iontach an rud é go bhfuil sé againn.
Luaimse na hacmhainní sin mar sílim go bhfuil sé tábhachtach a bheith ag caint faoin éiceachóras sin, go minic, agus go poiblí, agus cé chomh riachtanach is atá sé, mar an taithí atá agam ná, muna bhfuil muid ag labhairt faoi, agus an tábhacht a bhaineanns leis, imíonn rudaí! Nó bíonn siad i mbaol!
Mar shampla, céard atá ag tarlú, leis an lipéad ceoil Gael Linn? Is mar gheall ar Gael Linn gur thosaigh Joe Heaney ag déanamh ceirníní, na ceirníní atá muid fós ag éisteacht leo. Ach an mbeidh an lipéad ann don chéad glúin eile? Dar le Foras na Gaeilge, ní é shin an ról atá Gael Linn níos mó. Níl an ceol ná an amhránaíocht luaite i measc na príomhchuspóirí atá ag na príomh-eagrais Ghaeilge. D’eisigh siad an t-albam Bláth na hÓige mar albam digiteach, ach tá i bhfad níos mó ná sin ag teastáil.
Agus céard faoi Raidió na Gaeltachta? Bhí aiste an-spéisiúil ag Odí na Chéilleachair sa leabhar sin Dhá Leagan Déag: Léargais Nua ar an Sean-nós le déanaí agus bhí taighde dochreidte déanta aici ar Raidió na Gaeltachta. D’éist sí le chuile clár ar RnaG gach lá ar feadh mí, agus fuair sí amach go raibh, ar an meán, sé amhrán ar an sean-nós gan tionlacan casta ar an stáisiún gach lá. Rinne sí an taighde sin i 2015. Ach céard é an scéal inniu, beagnach deich mbliana ina dhiaidh, agus RnaG tar éis fógraíocht a thabhairt isteach ar an stáisiún? Tá RnaG ag díol fógraí anois don chéad uair riamh. Céard iad na himpleachtaí don sean-nós? Tá siad tar éis fealsúnacht iomlán difriúil a thabhairt isteach, fealsúnacht thráchtála, sa stáisiún anois gan aon phlé faoi. An mbeidh na fógróirí sásta le sé amhrán sean-nós gach lá? Muna bhfuil, céard a tharlóidh? Ní bheidh iontas ar éinne nach raibh Bob Quinn sásta go raibh RnaG ag díol fógraí anois, mar chaith sé caoga bliain ag troid in aghaidh fógraí in RTÉ Bhaile Átha Cliath!
Féilte, ionaid ceoil, foilsitheoirí, lipéid ceoil, raidió, teilifís, coláistí triú leibhéal, acmhainní ar-líne, múinteoirí, coistí deonacha, éisteoirí, deiseanna do fhonnadoirí, seo hiad na rudaí atá ag teastáil chun an sean-nós a chothú. Tugann an fhéile i mbliana, agus muid ag smaoineamh faoi an méid atá bainte amach le 40 bliain anuas, deis dúinn smaoineamh faoi an todhchaí freisin. Céard iad na hacmhainní atá uainn as seo amach? Conas is féidir linn a bheith cinnte go mbeidh siad ann? An bhfuil muid ag caint fúthu go poiblí, agus an bhfuil an tuiscint ann go forleathan faoi céard atá ag teastáil? An bhfuil tuiscint ann faoin éiceachóras? Tá an éiceachóras chomh luachmhar. Caithfidh muid é a chosaint. Beidh Príomhfheidmeannach nua ag Ealaín na Gaeltachta go gairid – an bhfuil muid réidh chun an cás a dhéanamh faoi céard atá ag teastáil?
Fágfaidh mé libh leis na ceisteanna sin. Mo bhuíochas libh as a bheith ag éisteacht liom. Guím gach rath ar an bhfhéile agus go hárithe ar na fonnadóirí óga, na daoine is tábhachtaí. Comghairdeachas leis an gcoiste ar fad as an clár iontach atá curtha le chéile agaibh, agus tá an áthas orm a rá anois go bhfuil Féile Joe Éinniú 2024 oscailte go hoifigiúl anois. Go raibh míle maith agaibh.