Deireadh le ré na lipéad ceirníní?

Ina cholún san eagrán deireanach de Beo!, phléigh Colm Ó Snodaigh na hathruithe teicneolaíochta atá tar éis tarlú sa tionscal ceoil. Mhol sé iad den chuid is mó agus mar chonclúid scríobh sé, “… is féidir le bannaí agus ceoltóirí … a gcuid ceoil a chraobhscaoileadh de réir mar is mian leo, ag aon am is mian leo … [B]eidh comhlachtaí móra ann i gcónaí. Ach tá deireadh anois lena smacht docht,a chuir srian ar chruthaitheacht an-chuid bannaí ceoil.”
Ní hé seo an chéad uair an ráiteas seo, nó a leithéid, a bheith cloiste againn, agus níl sé deacair a thuiscint cén fáth go bhfuil ceoltóirí ag ceiliúradh. Le fada an lá, táimid ag éisteacht le scéalta mar gheall ar dhúshaothrú sa tionscal ceoil, ach faoi dheireadh, leis an réabhlóid dhigiteach agus an dul chun cinn sa teicneolaíocht, is cosúil go bhfuil an lámh in uachtar ag na ceoltóirí. Mar gheall ar go bhfuil antrealamh taifeadta níos saoire, go bhfuil an t-idirlíon againn agusnuálaíochtaí mar MySpace agus iTunes, is féidir le beagnach aon duine taifeadadh a dhéanamh agus é a chur ar fáil.
Go pointe áirithe, bheinn sásta a bheith ag ceiliúradh leo, mar níl aon amhras ach gur forbairtí corraitheacha iad na cinn atá ag tarlú faoi láthair. Tá sé i bhfad níos éasca, mar shampla, ceol a dháileadh agus a fháil, tá an ceol níos saoire le ceannach, tá an fhéidearthacht ann fuaimeanna nua a chruthú agus seánraí nua a chruthú.
Ní chiallaíonn sé seo ar fad, dar ndóigh, go mbeidh an ceol níos fearr. D’ainneoin sin, deir ceoltóirí go minic gur céim mhór chun cinn é ó thaobh na healaíne agus an cheoil de.
Ach an mar sin atá sé? An cheart dúinne mar lucht éisteachta a bheith ag ceiliúradh freisin?
Dá luafá an ráiteas thuas le Colm Ó Snodaigh le disciplín eile ealaíne – an litríocht – ní bheadh an scéal chomh dearfach céanna. Dála an cheoltóra agus a chaidreamh leis an lipéad ceirníní, bíonn dream ag feidhmiú idir an scríbhneoir agus an pobal freisin – na heagarthóirí agus na foilsitheoirí. Ach, murab ionann agus go leor ceoltóirí, níl bata agus bóthar tugtha ag scríbhneoirí dóibhsean. Cén fáth? Tá an teicneolaíocht ann. Tá an t-idirlíon acu. Céard leis a bhfuil siad ag fanacht?
De bhrí, b’fhéidir, gur féidir le scríbhneoirí an obair a dhéanann eagarthóirí agus foilsitheoirí a fheiceáil go fisiciúil – san eagarthóireacht agus sa leabhar – tá drogall orthu fáil réidh leo. San aois dhigiteach, áfach, agus deireadh beagnach leis an dlúthdhiosca, b’fhéidir go bhfuil sé níos deacra do cheoltóirí luach a chur ar an obair a dhéanann an dream seo a bhíonn idir iad féin agus an pobal.
Nó b’fhéidir go bhfuil scríbhneoirí níos cliste! Óir samhlaigh dá mbeadhscríbhneoirí móra sa tír seo ag foilsiú a saothar go neamhspleách agus á thabhairt díreach don phobal mar atá ceoltóirí agus cumadóirí a dhéanamh. An mbeadh aon duine ag rá leis an údar nach raibh an lámhscríbhinn réidh fós? An mbeadh aon duine ann le snas a chur ar an lámhscríbhinn sin? An mbeadh aon duine ag rá nach raibh an leabhar go maith ar chor ar bith?! Bheadh díle leabhar míshlachtmhar ann, lán botún agus cuma neamhghairmiúil orthu. Tragóid a bheadh ann don litríocht.
An bhfuil mé mícheart go hiomlán agus mé ag maíomh go bhfuilcosúlachtaí ann idir an cás hipitéiseach seo agus cúrsaí ceoil sa lá atá inniu ann? Cinnte tá dlúthdhioscaí neamhspleácha ag teacht amach atá go maith, ach an bhfuil siad chomh maith is a d’fhéadfadh siad a bheith? Sa litríocht, tá ról an-lárnach ag foilsitheoirí agus eagarthóirí, ag obair leis anscríbhneoir, ag tabhairt spreagadhagus comhairle dó/di leis an saothar is fearr a chur ar fáil. Gan an cúnamh luachmhar sin, céard atá ceoltóirí agus bannaí óga a dhéanamh? B’fhéidir ag déanamh a gcuid ceoil agus a dtallann níos cúinge chun go mbeadh siad feiliúnach do Pop Idol, X-Factor, nó cláracha uafásacha, frithealaíne eile mar iad. B’fhéidir nach bhfuil muid chomh saor agus a cheap muid …
Níl mé ag rá, gan amhras, nach bhfuil cead ag ceoltóir a chuid ceoil a thaifeadadh agus a dháileadh ina bhealach féin agus, leis an bhfirinne a rá, níl fadhb ar bith agamsa leis na ceoltóirí atá ag iarraidh na lipéid cheirnínía thréigean. San aonú haois is fiche, caithfimid slite nua a chruthú i ngach gné den saol. Sula bhfágfaimid na lipéid cheirníní, áfach, caithfimid smaoineamh ar an mbéim a chuir na cinn ab fhearr ar an bpróiseas taifeadta, agus ceist a chur céard a chuirfear ina áit. Go bunúsach, thug na lipéid luach don phróiseas taifeadta i gcúig shlí:
1. Go teicniúil: chinntigh siad go raibh ardchaighdeán léiriúcháin ann. D’úsáid siad speisialtóirí chun na taifeadtaí a ghlanadh suas agus aon rud a chuirfeadh isteach ar thaitneamh an lucht éisteachta a bhaint amach.
2. Grinneas  – roghnaigh siad na ceoltóirí a rinne siad a thaifeadadh go cúramach.
3. Dáileachán – bhí bealaí dáilte acu a bhí iontaofa agus triailte, agus caidrimh láidre ghnó.
4. Brandáil – bhí a fhios ag an lucht éisteachta cén cineál ceoil ar chuir an lipéad béim air.
5. Acmhainní – chuir siad acmhainní airgid ar fáil don phróiseas.
Tá sé deacair a fheiceáil conas a d’fhéadfadh ceoltóir nó banna ceoil a bheadh ag obair go neamhspleách díriú ar na nithe thuas ar fad.
Creidim go bhfuil deis iontach ann anois d’eagras nua nó do dhuine cruthaitheach lipéad nua don aois seo a bhunú – nó seanlipéad a atheagrú– ag úsáid na nuatheicneolaíochta agus an idirlín, agus ag teacht i dtír ar an tslí a bhfuil go leor daoine ann a bhfuil tallann acu nach bhfuil ceangailte le lipéad ar bith.
Agus ní agamsa amháin atá an tuairim seo. Tá tionscadal nuálach ar siúl ag Ionad Ceoil Nua-Aimseartha na hÉireann i mBaile Átha Cliath faoi láthair a bhfuil sé mar aidhm aige lipéad / láithreán íoslódála a bhunú don saincheol in Éirinn.
B’fhéidir nach bhfuil aois na lipéad ach ag tosú …
Advertisements

One thought on “Deireadh le ré na lipéad ceirníní?

  1. De thaisme a thainig me ar an leirmheas seo, ach deanta na firinne ta se ar cheann dena hanailisi gno IS FEARR dar leigh me ariamh–faoi abhar ar bith, ach na healaoinna go hairithe. Gan eisceacht.

    Go dtreise Dia an lamh a chum. Agus go maithe Se domh nar chuir me na hagoidi air freisin. Is peacach an fear mise.

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s