Seo aiste raidió faoi an scríbhneoir Desmond Fennell, á chraoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta mar chuid den sraith ‘Aistí ón Aer’ ar 27 Meitheamh. Éist anseo. (A radio essay in Irish on the writer Desmond Fennell, broadcast as part of the ‘Aistí ón Aer’ series on RTÉ Raidió na Gaeltachta. Listen here.)
Bhí mé díreach seiceáilte isteach san óstán i mBéal Feirste nuair a tháinig dhá théacs isteach ar mo fón, ceann ó mo mháthair agus ceann ó mo dheartháir. Bhí mo bhuanchara, an scríbhneoir Desmond Fennell, básaithe. Ní scéal é a tháinig aniar aduaidh orm – bhí aois mhór aige, 92, agus bhí fhios agam go maith go raibh sé ag éirí níos laige. Sheas mé ar feadh scaithimh, agus ansin, thug mé faoi deara an meangadh gáirí a bhí ar mo bhéal. ‘Ah, a Desmond’ a dúirt mé liom fhéin, ‘bhí fhios agat go maith go raibh mé i mBéal Feirste!’ ‘Nach i bpríomhchathair an Tuaiscirt a rugadh tusa!’
Is iomaí uair a labhair sé faoi Bhéal Feirste. Bhí dáimh aige leis an áit ar chaith sé tús a shaoil. Nuair a bhíodh sé ag scríobh faoin Tuaisceart, ina cholúin sna nuachtáin, ina intinn féin bhíodh sé ag labhairt amach ar son a mhuintire. Agus anois bhí mise ann, agus é imithe uainn. Ba bhreá le Desmond comhtharlaithe mar sin.
Bhí mé thart ar 24 bliain d’aois nuair a thosaigh mé ag scríobh chuig Desmond Fennell. Bhí a chuid scríbhneoireachta á léamh agam le dhá bhliain faoin am sin. Lá amháin i mBaile Átha Cliath, bhuail mé leis agus mé ag dul amach as siopa caife agus é ag teacht isteach. ‘Desmond Fennell, táim ag léamh Heresy,’ a dúirt mé leis – ’sé Heresy: The Battle of Ideas in Modern Ireland an t-ainm a bhí ar a leabhar ba dheireanaí dá chuid. ‘Ah, tá tú ag fáil amach faoi céard tá ag tarlú sa tír seo mar sin,’ a d’fhreagair sé. Choinnigh mé orm: ‘Tá an leabhar thar cionn’. ‘Bhuel,’ a dúirt sé, ‘táim ar fáil,’ agus d’imigh sé leis.
Dhá bhliain ina dhiaidh, bhí mé tar éis Éire a fhágail, agus mo chloigeann ar maos le smaointe faoin tsochaí, faoin gceol, agus faoin bhfoilsitheoireacht, ach ní raibh mé in ann meabhair ar bith a bhaint astu. Theastaigh uaim éisteoir, nó cabhair, nó cara, nó comhfhreagras b’fhéidir? An raibh Desmond dáirire nuair a dúirt sé go raibh sé ar fáil? Bhí mise in Albain. Bhí Desmond san Iodáil. D’aimsigh mé a sheoladh, chuir mé chuile rud síos i litir, agus sheol mé chuige í.
D’fhreagair sé ar an bpointe mé. Bhí sé sásta cloisteáil uaim. ‘Tá tú tar éis go leor ceisteanna a ardú,’ a dúirt sé. ‘Ní phléifidh mé uilig iad sa chéad litir seo, ach tá mé in ann a rá leat go bhfuil an comhfhreagras eadrainn bunaithe anois.’ Scríobh mé arís chuige, agus chuile uair beo, tháinig litir ar ais uaidh. Phléigh muid cúrsaí foilsitheoireachta, roinn mé na pleananna a bhí agam agus na dúshláin a bhain leo. Thug sé comhairle stuama dom agus roinn sé na haistí agus na hailt go raibh sé féin ag obair orthu liom.
Nuair a bhog mé ar ais go hÉirinn, choinnigh muid orainn. Bhí spéis aige i chuile rud a rinne mé, léigh mise gach rud a scríobh seisean, agus thug mé aiseolas dó, agus ansin fuair mé an deis saothar Desmond a fhoilsiú. Ach, in ainneoin an dea-chaidrimh seo, is annamh a d’aontaigh muid faoi rud ar bith, go háirithe nuair a bhí a chuid aistí agus leabhair a bhfoilsiú agamsa. Nuair a bhíodh rud éicint dúshlánach nó conspóideach le rá aige – agus bhí go minic – rinne mé iarracht i gconaí é a chur i bhealach a bheadh níos deise don léitheoir, ach ní ligeadh sé riamh dom. ‘Desmond,’ a déaradh mé leis, ‘tá go leor sa leabhar seo atá tábhachtach. Ach má fhágann tú an abairt choinspoideach sin ann, ní bheidh aon duine ag caint faoi aon rud eile ach amháin an abairt sin!’ ‘Toner’, a fhreagraíodh sé, ‘sin é cinneadh an scríbhneora!’, agus ghlac mé leis – agus d’fhoghlaim mé uaidh sin.
Ach, is fíor a rá nach raibh móran caint go poiblí faoi aon rud a scríobh Desmond ag an am sin. Thug mé faoi deara go mbíodh daoine, iriseoirí, léirmheastóirí mí-fhoighdeach leis. Bhí Desmond ag ceistiú faoi céard a bhí ag tarlú sa domhain. In 1999 d’eisigh sé an leabhar The Postwestern Civilisation, agus cúpla ceann eile ar an ábhar céanna ina dhiaidh sin. ‘Níl aon chiall leis an civilisation nua seo,’ a dúirt sé, ‘agus muna bhfuil na daoine sásta go ndéanann an sochaí ciall dóibh, éiroidh siad amach.’ Ní bhfuair sé mórán d’éisteacht, ach, nuair a tharla Trump agus Brexit, ba léir go raibh Desmond chun cinn orainn ar fad.
Nach dtarlaíonn sé seo go minic, go bhfuil muid chomh sáinithe i gcursaí eacnamaíochta agus polatíochta ó lá go lá, nach bhfeiceann muid an mór-phictiúr? Tá an saol digiteach ag éirí níos gnóthaí. Tá na géarchéimeanna domhanda ag éirí níos contúirtí. Tá an cheist seo faoin gcineál spáis atá ann don smaointeoireacht agus do smaointe nua ag éirí níos práinní freisin.
Lean an comhfhreagras idir mé fhéin agus Desmond ar aghaidh suas go dtí 2017. B’shin an uair dheireanach a fuair mé r-phost uaidh. Níl fhios agam cén fáth ar éirigh muid as. An locht ormsa, sílim. An uair dheireanach a labhair muid ar an bhfón, i samhraidh 2019, ní raibh aon chaint ach faoi na ceisteanna móra. ‘Cá bhfuil an sochaí ag dul, Toner?’ a dúirt sé. ‘Cé tá ag taispeáint an bealach ar aghaidh duinn?’ Dúirt mé leis gur thug seisean bealach ar aghaidh duinn mar gheall ar an mbéim a leag sé ar an machnamh, an díospóireacht agus ar smaointe nua. ‘Ah, Toner,’ a dúirt sé liom, ‘bhí tú i gcónaí dílis dom.’ B’fhéidir go raibh, ach fós féin, sílim, is muid ag breathnú romhainn, go gcuirfidh i bhfad níos mó daoine spéis sa mhéid a bhí le rá ag Desmond. Scríobh sé thart ar fiche leabhar. Bíonn Desmond Fennell ar fáil i gcónaí.